Skip to content

An Iris

Bunaíodh Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr in 1986 agus is iris ildisciplíneach í ina bhfoilsítear taighde nua ceannródaíoch faoin eispéireas Éireannach san ochtú haois déag. Cuirtear an iris chuig breis agus 50 ceann de leabharlanna, díoltóirí leabhar, iarsmalanna, cartlanna, ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais eile. Foilsítear go bliantúil í agus seoltar chuig gach ball reatha den Chumann í.

Eagarthóirí

Údair

Ba cheart go gcuirfeadh údair (1) nóta beathaisnéise gairid agus (2) achoimre thart ar 150 focal in éineacht leis an alt. Ba chóir go gcloífeadh aon alt a sheolfar chuig an iris le Treoir Stíle MHRA atá ar fáil le híoslódáil ag suíomh idirlín MHRA. Déanfaidh beirt léitheoirí seachtracha gach alt a phiarmeasúnú.

Seoltar ailt agus fiosrúcháin chuig editors@ecis.ie.

ECIS Journal

Léirmheasanna

Foilsítear léirmheasanna ar an taighde is déanaí i dtaca le gné ar bith de léann na hÉireann san ochtú haois déag agus fáiltítear go croíúil roimh mholtaí ó dhaoine maidir le saothair nua is fiú a léirmheas. Déan teagmháil le heagarthóirí na hirise ag editors@ecis.ie.

Iarchóipeanna

Is féidir iarchóipeanna den iris a fháil trí theagmháil a dhéanamh le Cisteoir an Chumainn. Tá fáil ar chóipeanna digiteacha den iris (seachas na trí himleabhar is déanaí) ar JSTOR, chomh maith.

Seoladh eagrán speisialta de Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr, dar teideal New Perspectives on the Penal Laws, ag comhdháil bhliantúil an Chumainn i mí Iúil 2011. San eagrán sin, is féidir teacht ar na páipéir is fearr ón gcomhdháil ar na Péindlíthe a tionóladh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i Meán Fómhair 2009. Is féidir cóipeanna den eagrán speisialta sin a fháil trí theagmháil a dhéanamh le Cisteoir an Chumainn.

Tacaíonn Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr le foilseacháin trí rochtain oscailte (RO) agus molaimid d’ár n-údair uilig teacht i dtír ar an RO ‘ghlas’ trína gcuid alt a chartlannú ina dtaisclanna ollscoile féin. Tá roghanna ‘Órga’ RO ar fáil trí Liverpool University Press. Léigh tuilleadh faoi pholasaí agus roghanna RO LUP anseo, Liverpool University Press.

Is é Liverpool University Press a fhoilsíonn Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr (ISSN Cló: 0790-7915; ISSN Ar líne: 2753-9725).