
Tionóladh Comhdháil Bhliantúil Eighteenth-Century Ireland Society/An Cumann Éire san Ochtú Céad Déag i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar 4-5 Meitheamh 2025. Is iad an tOllamh Mark Caball (UCD), an tOllamh James Kelly (DCU), agus an tOllamh Christina Morin (UL) a thug na haoiléachtaí. Cliceáil ar an nasc chun teacht ar chlár chomhdháil 2025. Tiocfaidh tú ar nasc chuig na comhdhálacha uilig roimhe sin thíos, freisin.
Tionólfar Comhdháil 2026 in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ar 11-12 Meitheamh.


Comhdhálacha CÉOCD Roimhe Seo
Príomhimeacht an Chumainn is ea an Chomhdháil Bhliantúil. Reáchtáladh í in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann ó 1986 i leith.
- 2025:Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- 2024: Ollscoil na Gaillimhe
- 2023: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- 2022: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- 2021: Ollscoil Luimnigh (ar líne)
- 2020: Níor tionóladh comhdháil (COVID-19)
- 2019: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
- 2018: Port Láirge (i gcomhair le hArdeaglais Phort Láirge agus Taisce Phort Láirge)
- 2017: Acadamh Ríoga na hÉireann
- 2016: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
- 2015: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- 2014: Ard Mhacha (i gcomhair le Leabharlann Robinson Ard Mhacha)
- 2013: Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
- 2012: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- 2011: Baile Átha Troim, Co. na Mí (i gcomhair le Féile Aoire Swift, Baile Átha Troim)
- 2010: Ollscoil Luimnigh
- 2009: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- 2008: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- 2007: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
- 2006: Ollscoil Uladh
- 2005: Ollscoil Luimnigh
- 2004: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (i gcomhair leis an gCumann um Léann na hAlban san Ochtú Céad Déag)
- 2003: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath & Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath
- 2002: Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Bealtaine). Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach (Eanáir)
- 2001: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (i gcomhair leis an Linen Hall Library)
- 2000: Coláiste Phádraig, Droim Conrach
- 1999: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (i gcomhair leis an gCumann Idirnáisiúnta um Léann an Ochtú Céad Déag)
- 1998: Baile Uí Mhatháin, Co. Longfoirt (i gcomhair le Scoil Samhraidh Goldsmith)
- 1997: Ollscoil Uladh
- 1996: Ollscoil Luimnigh
- 1995: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (i gcomhair le Comhdháil TCD um an 250ú Cuimhneachán ar bhás Jonathan Swift)
- 1994: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh
- 1993: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- 1992: Baile Átha Cliath (i gcomhair leis an gCumann um Léann na Breataine san Ochtú Céad Déag agus Société francaise d’étude du XVIII siècle)
- 1991: Coláiste Phádraig, Droim Conrach
- 1990: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
- 1989: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- 1988: Coláiste Phádraig, Má Nuad
- 1987: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- 1986: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath